I nGaeltacht Chonamara, tá Ella, atá trí bliana déag d'aois, agus a dlúthchairde, Treas agus Naoise, ar bís faoi shaoire an tsamhraidh. Ach tagann athrú ar an scéal nuair a insíonn athair Ella di go bhfuil siad le Gaeilgeoirí a choinneáil feadh an tsamhraidh. Ní mó ná sásta atá Máirín, comharsa fhiosrach Ella, ach oiread faoin socrú nua béal dorais. An bhféachfaidh sí le cúrsaí a chur in aimhréidh ar Dan? Glaonn Dan ar chara leis le cúnamh a thabhairt dó. Ach is é an té nach raibh súil ar bith aige leis a thagann i gcabhair air sa deireadh!
Féach air seo anois!
Clár
Is cailín trí bliana déag í Ella arb é mian a croí don samhradh seo stócach a aimsiú agus a céad phóg a fháil uaidh. Dúshlán sách éasca é sin dár lena cairde, Treas agus Naoise, agus lán tí de bhuachaillí ag fanacht béal dorais tigh Mháirín a bhuíochas don Choláiste Gaeilge áitiúil i Maigh Rua. Ach ansin, nach mbeartaíonn a hathair, Dan, é féin Gaeilgeoirí a choinneáil le cúpla pingine a shaothrú - agus is cailíní a fhaigheann siad! Áit nach raibh ach cearc amháin tráth (Ella) i measc na gcoileach (a hathair agus cuid deartháireacha), tá ochtar cailíní, an cinnire Lúsaí agus Mamó anois!
Saol Ella ISL
Clár
Clár faoi shaol chailín darb ainm Aifric atá tar éis bogadh anuas ó BÁC go Leitir Láir. Leanann an clár seo an choimhlint, an grá agus an cairdeas a bhíonn ag Aifric lena cairde i bpobalscoil Leitir Láir agus a caidreamh lena clann.
Aifric
Clár
Tá Joe Connolly aon bhliain déag d'aois agus tá sé ag iarraidh dul i ngleic leis na deacrachtaí a bhaineann leis an chéad bhliain ar an meánscoil. Leanann muid Joe agus é ag dul i dtaithí ar an tréimhse seo dá shaol