Aimsir | Déan sa mBaile é | Is Eolaí Mé | Cláir | Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Aimsir

AG TEASTÁIL

  • Buidéal folamh plaisteach (2 Litre), déan cinnte go bhfuil an claibín fós agat
  • Crúsca d’uisce te
  • cipín solais

Treoracha

1. Líon an buidéal plaisteach aon trían den bhealach le huisce te.
2. Cuir an claibín air agus fáisc é, ansin scaoil leis an mbuidéal. Ní tharlaíonn tada.
3. Agus duine fásta in éineacht leat….las an cipín agus cuir isteach sa mbuidéal é, cuir an claibín ar ais air go tapaidh.
4. Déan iarracht é a fháisceadh agus an buidéal a scaoileadh arís…féach céard a tharlaíonn?

Anois céard atá ag tarlú?
Bheul, teastaíonn gal uisce le scamall a dhéanamh….agus tá sé sin anseo againn ón uisce te….teastaíonn cáithníní beaga uainn, ar nós an deatach ón gcipín…agus teastaíonn ísliú sa mbrú uainn…sin an chúis gur fháisc muid agus ansin gur scaoil muid leis an mbuidéal.

Bain triail as arís….fáisc agus scaoil é agus cruthaítear scamall arís ann!

Ag Teastáil:

Féach

Déan sa mBaile é

Do it at Home

Breise

Extra

Láithreoirí

Presenters