Mo Shaol Do Shaol (1-12) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Mo Shaol Do Shaol

Gach Máirt @ 17:05

Mo Shaol Do Shaol

Gach Máirt @ 17:05

Mo Shaol Do Shaol

Gach Máirt @ 17:05


Mo Shaol Do Shaol 1-12

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina mbabhtálfaidh beirt, nach bhfuil cosúlacht ar bith acu lena chéile, an saol mar a chaitheann siad é ar feadh aon lá amháin. Beidh dúshlán mór le tabhairt i gcrích freisin acu faoi dheireadh an lae. D'fhéadfadh nach mbeadh spéis dá laghad (ná aon eolas!) ag na rannpháirtithe ar chaitheamh aimsire a chéile ach ní bheidh aon rogha acu ach bualadh faoi agus foghlaim go sciobtha - beidh torthaí spleodracha i gceist. An damhsóir ar an sean-nós Siobhán a bheidh ag babhtáil leis an trodaí Judo Tomás an tseachtain seo.

Chéad Taispeántas: 3 Nol

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraith nua ina bhfuil beirt atá go huile agus go hiomlán éagsúil óna chéile ag babhtáil caitheamh aimsire agus saol ar feadh lá amháin… AGUS tá dúshlán mór le baint amach acu roimh dheireadh an lae.
Tá beirt iomaitheoir nua i ngach aon eagrán agus táimid ag díriú ar an réimse leathan do caitheamh aimsire atá ag daoine óga in Éirinn sa lá atá inniu ann. Tá gach sórt ruda againn –  Judo, Haca Oighir, Cruicéad, Tonnmharcaíocht, Gleacaíocht & neart eile. Seans nach bhfuil spéis dá laghad (nó aon eolas!) ag na hiomaitheoirí faoi na gníomhachtaí nua seo ACH beidh orthu foghlaim go sciobtha – beidh torthaí spleodracha i gceist leis.


Féach