Is cailín trí bliana déag í Ella arb é mian a croí don samhradh seo stócach a aimsiú agus a céad phóg a fháil uaidh. Dúshlán sách éasca é sin dár lena cairde, Treas agus Naoise, agus lán tí de bhuachaillí ag fanacht béal dorais tigh Mháirín a bhuíochas don Choláiste Gaeilge áitiúil i Maigh Rua. Ach ansin, nach mbeartaíonn a hathair, Dan, é féin Gaeilgeoirí a choinneáil le cúpla pingine a shaothrú - agus is cailíní a fhaigheann siad! Áit nach raibh ach cearc amháin tráth (Ella) i measc na gcoileach (a hathair agus cuid deartháireacha), tá ochtar cailíní, an cinnire Lúsaí agus Mamó anois!
Ní bhfuarthas aon eipeasóid