An Siopa Ealaíne (1-7) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

An Siopa Ealaíne

Dé Céadaoin @ 15:30

An Siopa Ealaíne

Dé Céadaoin @ 15:30

An Siopa Ealaíne

Dé Céadaoin @ 15:30


An Siopa Ealaíne 1-7

Rátáil Tuismitheora: G

Tá Neasa ina siopa ealaíne agus í ag maisiú cupáin pháipéir don lá spóirt. Tosaíonn sí ag aislingeacht agus déanann dearmad ar na deochanna. Isteach lena cairde Ríona, Ruán, na garraíodóirí agus Gearóid, an fear bréige ag cuardach ábhair chun aghaidh a chur ar an bhfear bréige nua atá siad a dhéanamh. Faigheann sí inspioráid chun caoirigh a dhéanamh as na cupáin pháipéir. Taispeánann Neasa dúinn le caora dár gcuid féin a dhéanamh.

Chéad Taispeántas: 18 Mar

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Is sraith ealaíne nuálach é Siopa Ealaíne atá dírithe ar ghasúir réamhscoile. Múinfidh an láithreoir Neasa scileanna ealaíne ar bhealach siamsúil agus spraíúil as a siopa féin i gcroílár an phobail i mbaile beag álainn cois farraige. Tagann a cairde ar cuairt gach lá agus iad ag lorg comhairle ealaíne uirthi. Beidh neart spraoi, spórt agus ealaíon i siopa Neasa. Fáilte isteach!


Féach