Cornóga Humais & Cáise | Oidis | Bia Linn | Cláir | Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Cornóga Humais & Cáise

Comhábhair Humas

  • 1 x Canna 15 unsa sicphiseánaigh – coinnigh an leacht ar leataobh
  • 2 x clóbh gairleoige, mionaithe
  • 1 x sp/t cuimín meilte
  • 1 x sp/bd d’ola olóige
  • ½ sp/t de phiobar dubh

Comhábhair Cornóga Cáise

  • 250g x puth-thaosrán
  • 1 x spúnóg bhoird purée trátaí
  • 30g x cáis parma, grátáilte

Modh

  1. Measc ar luas íseal agus cuir isteach an leacht ón gcanna sicphiseánaigh de réir a chéile go mbeidh an humas chomh tiubh agus is maith leat féin.
  2. Cuir chun boird é le criospaí agus cipíní cairéid nó le cornóga cáise.

Modh Cornóga Cáise

  1. Téigh an t-oigheann roimh ré go dtí marc gáis 4 / 180C. Roll amach an taosrán go dtí go mbeidh sé thart ar 5mm ar airde. Gearr an taosrán ina stráicí 1cm.
  2. Cuir purée trátaí ar na stráicí taosráin agus scaip an cháis anuas orthu.
  3. Déan bís as gach stráice trí bhreith ar an dá thaobh agus é a chasadh timpeall.
  4. Cuir párpháipéar ar thráidire bácála agus leag na stráicí anuas air.
  5. Fáisc bun agus barr gach stráice ionas nach n-imíonn an casadh as.
  6. Bácáil ar feadh 10 nóiméad go dtiocfaidh dath órdhonn orthu.
  7. Cuir chun boird iad i ngloine ard

Oidis