Muifíní Uibhe Cáise | Oidis | Bia Linn | Cláir | Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Muifíní Uibhe Cáise

Comhábhair

  • Ola Lus na Gréine (déanfaidh ola de chineál ar bith)
  • 6 ubh mhóra
  • Piobar dubh
  • Trátaí, muisiriúin, liamhás
  • Cáis

Modh

  1. Trealamh Cásanna móra muifíní
  2. Téigh an t-oigheann roimh ré ag 180°C.
  3. Cuir ola ar gach cás muifín.
  4. Gearr na muisiriúin agus cuir sraith ar íochtar gach cás.
  5. Cuir sraith trátaí os a gcionn.
  6. Buail na huibheacha agus piobar dubh.
  7. Doirt na huibheacha buailte isteach sna cásanna muifín go mbeidh siad ¾ cuid lán.
  8. Cuir sraith liamháis ar a mbarr.
  9. Ansin cuir sraith cáise ar a mbarr.
  10. Fág san oigheann go mbeidh siad deas donn.

Oidis