Muifíní Úll | Oidis | Bia Linn | Cláir | Cúla4 | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Muifíní Úll

Comhábhair

  • 225g plúr éiritheach
  • 1 tsp púdar bácála
  • 75g im leáite
  • 175ml bainne leathbhearrtha
  • 1 ubh
  • Timpeall is 200g d’úlla gearrtha
  • 100g siúcra bog donn

Modh

  1. Téigh an t-oigheann roimh ré ag 200°C/Marc 6.
  2. Cuir na comhábhair ar fad (seachas na húlla) i mbabhla agus measc iad go dtí nach mbeidh aon mheall ann.
  3. Measc isteach na húlla, roinn idir 12 cás muifín agus bácáil ar feadh 15-20 nóiméad nó go mbeidh siad deas donn.

Nod: Tá na muifíní éasca le reo agus seasfaidh siad go ceann míosa.

Oidis