Is Mise (1-22) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Is Mise…

Dé Luain & Dé Céadaoin @ 3.00pm

Is Mise…

Dé Luain & Dé Céadaoin @ 3.00pm

Is Mise…

Dé Luain & Dé Céadaoin @ 3.00pm

Is Mise…

Dé Luain & Dé Céadaoin @ 3.00pm


Is Mise 1-22

Rátáil Tuismitheora: G

Ar theach solais Fhánada a thabharfaidh Joey cuairt inniu. Buailfidh sé le Leanne agus taispeánfaidh sí dó a dteastóidh uathu - déshúiligh agus hata an chaptaein. Tabharfaidh Seán suas an staighre é chun an solas mór a fheiceáil. Bíonn lá an-suimiúil ag Joey.

Chéad Taispeántas: 22 Bea

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraith nua beo-aicsin trí Ghaeilge is ea Is Mise…  dírithe ar pháistí réamhscoile léirithe ag Meangadh Fíbín do TG4.

Leanann an tsraith uaillmhianach seo ceathrar láithreoirí óga agus iad ag fiosrú agus ag foghlaim faoin domhan mór tríd a súile féin. Leanann muid Ríona, Róisín, Joey agus Cóil ar eachtraí éagsúla agus iad ag foghlaim agus ag tabhairt faoi réimse leathan gníomhaíochtaí i ngach clár, ó chuairt ar fhoireann an bhriogáid dóiteáin go cóiriú bláthanna agus ó fheirmeoireacht go ceacht hip hap. Cuirtear taithí nua i láthair i ngach clár, bainteach le gníomhaíocht éigin a bhfuil suim ag an aoisghrúpa seo ann.

Tugann gach láithreoir a bhfuil togha na Gaeilge acu ó Ghaeltachtaí Dhún na Gall, Conamara agus Ciarraí a bpearsantacht ar leith féin chuig an tsraith agus muid á leanúint ar a n-eachtraí i ngach clár agus tagann tuairimí fírinneacha pháiste an lae inniu chun cinn.

Múineann an tsraith Is Mise… do pháistí gur taiscéalaithe óga iad agus spreagann sé an lucht féachana óg ag baile chun taithí difriúla a aimsiú agus triail a bhaint astu agus léiríonn sé tiomantas TG4 ábhar dúchasach a léiriú dá sceideal do dhaoine óga.

Tá Is Mise… lán le beocht, fiosracht agus thar aon ní eile, lán d’fhírinne agus spraoi.


Féach