Lá Le Mamó nó Daideo (1-20) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content
 

Lá Le Mamó nó Daideó

Lá Le Mamó nó Daideó

Lá Le Mamó nó Daideó


Lá Le Mamó nó Daideo 1-20

Rátáil Tuismitheora: G

Tá Cuan Óg leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Dhaideo Micheál inniu. Tá Cuan Óg lena thaispeáint do Dhaideo le scuais a imirt. Ar ais leo abhaile agus seinneann an bheirt tiúin ar an gconsairtín le chéile. Bíonn siad ag caint agus ag comhrá ansin faoi chúrsaí ceoil agus bíonn lá iontach acu le chéile.

Chéad Taispeántas: 29 Mar

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Seo sraith ina bhfeiceann muid duine óg ag caitheamh an lae in éineacht lena Mamó/Daideo agus iad ag foghlaim rud éigin nua uathu nó ag tabhairt faoi ghníomhaíocht éigin le chéile a thaithníonn leo. Tá gach clár go hiomlán éagsúil óna chéile mar leanann muid páistí, idir 5 go 8 mbliana d’aois as ceantair mórthimpeall na tíre, ó Oileáin Árann go dtí An Rinn go Ráth Chairn agus iad ag foghlaim scil difriúil nó iad i mbun gníomhaíocht difriúil i ngach clár. Beidh na daoine óga seo ag foghlaim óna seanmhuintir agus ag iad ag fiosrú leo le linn na sraithe.


Féach