Rachaidh na cairde ag surfáil agus ag tumadóireacht i gCaisleán Ghriaire. Téann an geaing ag marcaíocht na dtonn i dtús an lae agus faigheann neart comhairle ó thaobh na sábháilteachta - gan dul in aghaidh an tsrutha agus fanacht comhthreomhar leis an trá! Tugann siad na capaill ar an trá ina dhiaidh sin agus tugann faoi dhúshlán nua. Sa linn snámha san ionad traenála do thumadóirí, cuireann na cailíní eolas ar na scileanna a theastaíonn le dul ag tumadóireacht.